
Take part in the Primary School Survey
Calling all primary school and pre-school parents – have your say on the future of your primary school at gov.ie/primaryschoolsurvey
The Department of Education and Youth is inviting parents and guardians across Ireland to take part in the largest ever survey on primary school provision.
This short, online survey, asks for your views on:
- Whether your school should be co-educational or single-sex
- Whether your school should operate under a denominational or multi-denominational patron
- Whether your school should provide education primarily through the English language or Irish language
Why take part?
Your input will help shape decisions about school provision in your area, ensuring that schools reflect the needs and values of local communities. Every response matters.
Who can complete the survey?
- Parents and guardians of children currently in primary school
- Parents and guardians of children who have not yet started primary school
- Primary school staff and Board of Management members
Survey details:
- Complete online: gov.ie/primaryschoolsurvey
All responses are confidential and anonymous. The results of the survey will help the Department of Education and Youth plan how it provides education at primary level. Initial high-level summary results will be published in early 2026. Where there is clear support from parents and guardians for change to be considered, a further process of inclusive dialogue will begin.
Your voice matters – please take a few minutes to complete the survey and encourage others to do the same.
Additional information
What is the Primary School Survey?
The Primary School Survey asks parents, guardians, school staff and boards of management members their preference about the primary schools in which they work, or in which their children currently attend, or will attend in coming years. The Department of Education and Youth will use the results of the survey to plan how we provide education at primary level, and to ensure that schools meet the needs of their local communities.
Why is the Department of Education and Youth undertaking this survey?
School communities are reflective of the rich and diverse society we live in. In the context of the evolving environment within which schools are operating, the availability of up-to-date data and in particular, clear data on the preferences of parents and guardians in respect of the primary schools which their children currently attend, or will attend in coming years, is very important. The results of the survey will help the department in planning education provision at primary level.
What will the survey ask?
The short, online, school-specific, survey asks a small number of questions, including the following:
- Would you prefer your primary school to be a co-educational school or a single-sex school?
- Would you prefer your primary school to operate under a denominational (religious) patron or to operate under a multi-denominational (non-religious) patron?
- Would you prefer your primary school to provide education primarily through the English language or through the Irish language?
When will the survey open and how long will it run for?
The survey is open from 4 November to 16 December 2025.
When will the survey results be available?
Initial high-level summary results will be published in early 2026.
For more information click here

Glac páirt sa Suirbhé Bunscoile
Gairm ar gach tuismitheoir bunscoile agus réamhscoile – léirigh do thuairim maidir le soláthar scoile amach anseo ag gov.ie/primaryschoolsurvey
Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn Oideachais agus Óige do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa suirbhé is mó riamh ar sholáthar bunscoile.
I mbeagán focal, sa suirbhé ar líne iarrtar do thuairimí maidir le:
- Cineál na scoile, – scoil chomhoideachais nó scoil aonghnéis
- Pátrúnacht – sainchreidmheach nó il-sainchreidmheach
- Teanga an teagaisc – Béarla nó Gaeilge
Cén fáth a nglacfá páirt ann?
Cabhróidh d’ionchur chun cinntí maidir le soláthar scoile i do cheantar féin a mhúnlú, rud a chinnteoidh go mbeidh riachtanais agus luachanna na bpobal áitiúil á léiriú ag scoileanna. Tá gach freagra tábhachtach.
Cé hiad siúd a fhéadfaidh an suirbhé a chomhlánú?
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí atá ar an mbunscoil faoi láthair
- Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill
- Baill foirne agus baill de Bhoird Bhainistíochta i mbunscoileanna
Sonraí an tsuirbhé:
- Comhlánaigh ar líne é: gov.ie/primaryschoolsurvey
Tá na freagraí go léir faoi rún agus anaithnid. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé seo leis an Roinn Oideachais agus Óige pleanáil a dhéanamh maidir leis an mbealach a ndéanaimid oideachas a sholáthar ar leibhéal na bunscoile. Chomh maith leis sin, cuirfidh na torthaí ar chumas gach scoile, i gcomhar lena pobal scoile, breithniú a dhéanamh ar a bhfuil le déanamh acu chun freastal ar éileamh tuismitheoirí amach anseo. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cuimsitheach plé eile.
Tá tábhacht le do ghuth – glac cúpla nóiméad, le do thoil, chun an suirbhé a chomhlánú agus spreag daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh.
Eolas breise
Cad é an Suirbhé Bunscoile?
Sa Suirbhé Bunscoile, iarrtar ar thuismitheoirí, caomhnóirí, baill foirne scoile agus baill de bhoird bhainistíochta a rogha a léiriú maidir leis na bunscoileanna ina n-oibríonn siad, nó a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh a leanaí orthu sna blianta amach romhainn. Bainfidh an Roinn Oideachais agus Óige úsáid as torthaí an tsuirbhé chun pleanáil a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcuirimid oideachas ar fáil ag an mbunleibhéal, agus lena chinntiú go bhfreastalaíonn scoileanna ar riachtanais a bpobal áitiúil.
Cén fáth a bhfuil an Roinn Oideachais agus Óige ag tabhairt faoin suirbhé seo?
Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir agus éagsúil ina mairimid. I gcomhthéacs na timpeallachta ina bhfuil scoileanna ag feidhmiú agus an timpeallacht sin ag athrú, tá sé an-tábhachtach sonraí cothrom le dáta a bheith ar fáil agus go háirithe, sonraí soiléire maidir le roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí i dtaca leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a gcuid leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta amach romhainn. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an Roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal. Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar chumas gach scoile, i gcomhar lena pobal scoile, breithniú a dhéanamh ar na bearta atá ag teastáil chun freastal ar éileamh na dtuismitheoirí ar an mbealach is fearr.
Cad iad na ceisteanna a chuirfear sa suirbhé?
Sa suirbhé gearr, ar líne, a bhaineann go sonrach le scoil, cuirtear líon beag ceisteanna, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Cé acu ab fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?
- Cé acu ab fhearr leat go bhfeidhmeodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?
- Cé acu ab fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil go príomha trí Bhéarla nó trí Ghaeilge?
Cathain a osclófar an suirbhé agus cá fhad a mhairfidh sé?
Beidh an suirbhé ar oscailt ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2025.
Cathain a bheidh torthaí an tsuirbhé ar fáil?
Déanfar torthaí achoimre ardleibhéil tosaigh a fhoilsiú go luath in 2026.
Cad a tharlóidh do thorthaí an tsuirbhé?
Bainfidh an Roinn úsáid as torthaí an tsuirbhé mar ionchur ina cuid anailíse ar shonraí náisiúnta, áitiúla agus ar shonraí a bhaineann go sonrach le scoil chun cabhrú leis an Roinn maidir le pleanáil ag leibhéal na bunscoile. Oibreoidh an Roinn le páirtithe leasmhara ábhartha chun torthaí na suirbhéanna a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo. Ní céim dheiridh atá sa suirbhé seo. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cumsitheach plé eile.


