Cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna

Cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna

Go raibh maith agat as an am a thógáil chun cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na seirbhísí a chuireann BOOCM ar fáil i réimse an Bhreisoideachais agus Oiliúna.

Tá réimse leathan de chláir againn atá oiriúnach d’fhoghlaimeoirí de gach aois agus ag gach céim dá saol. Is cuma an bhfuil tú ag iarraidh clár teastasaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha a dhéanamh, cúrsa caithimh aimsire, snas a chur ar do léitheoireacht, do scríbhneoireacht agus do mhatamaitic, an Béarla a fhoghlaim mar Theanga Bhreise, printíseacht/cúrsa oiliúna a dhéanamh, nó oiliúint a chur ar an bhfoireann i d’eagraíocht mar aon le hathsciliú agus uasciliú, nó gairmthreoir a lorg – tá rud éigin ag seirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna de chuid BOOCM a oirfidh duitse.

Nuair a théann tú tríd an suíomh seo, feicfidh tú go bhfuil mórán clár agus seirbhísí á dtairiscint againn. D’fhéadfadh sé bheith deacair duit an cúrsa ceart a roghnú. Ná bíodh drogall ort teagmháil dhíreach a dhéanamh lenár n-ionaid agus/nó lenár Seirbhís Treorach & Eolais (tá na sonraí teagmhála ar fad le fáil ar an suíomh seo) agus tacóimid leat an clár is fearr a oireann do na riachtanais atá agat a roghnú agus rochtain a fháil air.

Táimid ag súil le fáilte a chur romhat go dtí seirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna BOOCM.

An Dr. Linda Pinkster
Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna

Cúrsaí agus Leibhéil

Cúrsaí agus Leibhéil

Cúrsaí Bonnleibhéal

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) Leibhéil 1-2

  • Cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha araon atá i gceist leis na cúrsaí scileanna bonnleibhéal seo. An aidhm atá leo ná scileanna daoine a uasghrádú agus áirítear réimsí ar nós: Scileanna litearthachta agus uimhearthachta d’aosaigh.
  • Oireann na cúrsaí seo do Luathfhágálaithe Scoile.
  • Ní bhaineann aon riachtanais iontrála leis na cúrsaí seo.

Nasc-Chúrsaí

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) Leibhéil 3-4

  • Cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha araon atá i gceist leis na nasc-chúrsaí seo. Clúdaítear réimsí ar nós: Filleadh ar an Oideachas, Cúrsaí Dul chun Cinn, Cúrsaí do Luathfhágálaithe Scoile agus Cúrsaí Bunleibhéal dírithe ar an bhFostaíocht.
  • Riachtanais Iontrála – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) Leibhéal 3 / an Teastas Sóisearach / Taithí saoil ábhartha

Cúrsaí don Fhostaíocht agus Dul ar Aghaidh chuig an Ardoideachas

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) L,eibhéil 5-6

  • Cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha araon atá i gceist le cúrsaí don Fhostaíocht agus Dul ar Aghaidh chuig an Ardoideachas, agus áirítear réimsí ar nós: Cúrsaí le haghaidh Scileanna faoi leith Printíseachtaí ,Cúrsaí Oiliúna , Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) agus Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).
  • Riachtanais Iontrála – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) Leibhéal 4 / an Teastas Sóisearach (roinnt printíseachtaí) / Ardteistiméireacht / Taithí saoil ábhartha

Cúrsaí don Fhostaíocht agus Dul ar Aghaidh chuig an Ardoideachas

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) L,eibhéil 5-6

  • Cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha araon atá i gceist le cúrsaí don Fhostaíocht agus Dul ar Aghaidh chuig an Ardoideachas, agus áirítear réimsí ar nós Cúrsaí le haghaidh Scileanna faoi leith,Printíseachtaí,Cúrsaí Oiliúna , Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) agus Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).
  • Riachtanais Iontrála – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) Leibhéal 4 / an Teastas Sóisearach (roinnt printíseachtaí) / Ardteistiméireacht / Taithí saoil ábhartha

Ár Suíomhanna

Ár Suíomhanna

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat