Domhain na nÓg

Domhain na nÓg

Tugadh Planet Youth (Domhain na nÓg) isteach in Iarthar na hÉireann sa bhliain 2018 agus tar éis próiseas rathúil um an gceadú eiticiúil le Coláiste Ríoga na Lianna (CRLÉ/RCPI), tá sé á thabhairt isteach i gContae an Chabháin agus i gContae Mhuineacháin i gcomhar taighde le Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn (CRMÉ/RCSI). 

Tionscnaíodh agus rinneadh forbairt ar an gclár píolótach cúig bhliain seo a ag Coiste Feidhmithe, ar a bhfuil ionadaithe a bhfuil an cúram orthu i leith Leanaí agus Daoine Óga. Glacfaidh thart ar 2,000 mac léinn iar-Theastas Sóisearach ar fud gach scoil dara leibhéal agus Ionad Ógtheagmhála ar fud an Chabháin agus Mhuineacháin páirt i Suirbhé Planet Youth agus tabharfaidh na torthaí air seo tuairiscí contae agus scoile, an chéad cheann dá leithéid sa dá chontae. 

 Is múnla idirnáisiúnta um an gcosc príomhúil atá bunaithe ar an bhfianais é Planet Youth, a rinne an t-Ionad um Thaighde agus Anailís Shóisialta na h Íoslainne (ICSRA) a fhorbairt in Ollscoil Reykjavik, ar dtús d’fhonn rátaí úsáide substaintí a laghdú i measc daoine óga. 

Baineann an múnla úsáid as an gcur chuige lándaonra agus tugann sé deis torthaí na sláinte agus na beatha a fheabhsú do dhaoine óga mórán réimsí. Oibríonn sé trí dhíriú go díreach ar thionchair an riosca agus na cosanta a chinneann a n-iompraíocht maidir le mí-úsáid na substaintí agus ar fheabhsú na timpeallachta sóisialta ina bhfuil siad ag fás suas. Trí  thionchair an riosca aitheanta a laghdú agus na trí thionchair na cosanta aitheanta a neartú, is féidir na fadhbanna a mbaineann le mí-úsáid na substaintí ag ógánaigh a laghdú nó a stad sula dtagann siad chun cinn. 

Treoirphrionsabail 

Treoirphrionsabail 

Image of a speech bubble

Cur chuige coisctheach príomhúil a chur i bhfeidhm atá deartha chun an timpeallacht shóisialta a fheabhsú.

Image of a stack of files

Taighdeoirí, lucht beartas, cleachtóirí agus baill an phobail a chur le chéile i bhfoireann aontaithe atá dírithe ar fhadhbanna casta an fhíorsaoil a réiteach.

Image of a tick graphic

Dul i dteagmháil le baill an phobail agus an chumhacht a thabhairt dóibh cinntí praiticiúla a dhéanamh le húsáid a bhaint as sonraí agus as rochtain ar dhiagnóisic áitiúla ar ardchaighdeán.

Graphic of a person

Béim a chur ar ghníomhaíocht an phobail agus glacadh leis an scoil mar an mol nádúrtha d’iarrachtaí pobail chun tacú le sláinte, foghlaim agus rath saoil na leanaí agus na déagóirí.

Graphic depicting people

Scóip an réitigh a mheaitseáil le scóip na faidhbe, lena n-áirítear béim a leagan ar an idirghabháil agus an infheistíocht fhadtéarmach agus na hacmhainní á gcur le chéile.

Le chéile, chuir an grúpa um Chur i bhFeidhm Planet Youth tús le cur chuige riachtanais-dírithe ón mbun aníos maidir leis an tionscadail, ina ndéanfar na sonraí a bhailiú go díreach ó dhaoine óga, a chuireann an t-eolas ar fáil dúinn faoi shaol agus faoi shlí mhaireachtála ár ndaoine óga. Comh-mhaoinithe ag 10 gcomhpháirtí áitiúla, séard atá inár Meabhrán Comhthuisceana ná an Múnla a chur i bhfeidhm don 5 bhliain amach romhainn. Déanfaidh an t-Ionad um Thaighde agus Anailís Shóisialta na h Íoslainne (ICRSA) in Ollscoil Reykjavik ár gcuid sonraí áitiúla a chomhordú agus a chur ar aghaidh chuig ár gcomhpháirtithe taighde i gColáiste Ríoga na Máinlia in Éirinn.  

Sé atá mar Mhisean againn ná próiseas athraithe ó bhonn a threorú trí chur chuige coisctheach príomhúil a neadú chun sláinte, caidrimh, timpeallacht agus folláine na ndaoine óga a fheabhsú. 

Cé go bhfuil comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis ag obair le chéile cheana féin chun na torthaí do dhaoine óga a fheabhsú, tá tosaíocht níos mó ag teastáil ó chosc atá bunaithe ar fhianaise. Cuireann Planet Youth an deis ar fáil do gach geallshealbhóir an bealach a smaoiníonn sé ar an gcosc agus ar an ról atá aige ann a athrú. 

Caithfidh gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí – beag is mór araon – machnamh a dhéanamh ar an méid is féidir leo a dhéanamh laistigh dá sainchúram, go díreach agus go hindíreach. Áirítear leis seo athmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí d’fhonn tionchair an riosca a laghdú agus tionchair na cosanta a mhéadú. Cé go rachaidh na geallsealbhóirí i dteagmháil le Planet Youth ar bhealaí éagsúla, sa deireadh thiar thall sé atá mar chuspóir comhroinnte ná torthaí níos fearr a bhaint amach do dhaoine óg. 

Is dóichí go n-éireoidh le gníomhaíochtaí coiscthe nuair a bhíonn siad córasach, fianaise-bhunaithe agus ar bonn comhoibritheach. Cé go bhfuil aithint níos mó ar an ngá atá ann anois leis an gcosc, is minic a tharlaíonn sé ar bhonn ad hoc. Molann Planet Youth gach geallsealbhóir  – ón rialtas náisiúnta agus áitiúil go dtí na comhlachtaí poiblí, na scoileanna agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe – go láidir a gcuid féin a dhéanamh chun tosaíocht a thabhairt don chosc ar bhealach atá cuimsitheach agus iomlánaíoch. 

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil agt:  planetyouthcm@cmetb.ie