Scéim Foilsitheoireachta

Scéim Foilsitheoireachta

Le cuid 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise an oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach atá oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta lasmuigh d’iartaí Saorála Faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach in Alt 8(5) agus in Alt 11(3) den Acht. Mar gheall air seo, ligfear do taifid a bheith fhoilsithe nó sóláthraithe taobh amach den tSaoráil Faisnéise ar choinníoll nach dtoirmisctear an dlí leis an ábhar a fhoilsiú nó an rochtain sin a thabhairt. Tá gealltanas tugtha sa scéim do chomhlachtaí Saorála Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.

Tá Scéim Foilsithe um Shaoráil Faisnéise Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin le fáil ag seo, thíos. Téann gach aon nasc ar an tábla chuig leathanach a bhfuil an t-eolas ar fad faoin gcatagóir ar leith le fáil chomh maith le naisc le faisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin CMETB.

Más rud é nach bhfuiltear in ann an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil anseo, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar shuíomh gréasáin CMETB, nó teagmháil a dhéanamh linn ach ríomhphost a chur chuig :
E:
info@cmetb.ie
T: 047 30888

Sa chás nach bhfuil an fhaisnéis curtha ar fáil go poiblí ag CMETB faoi láthair, d’fhéadfá smaoineamhar Iarraidh um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.

Cliceáil ar na naisc seo a leanas le haghaidh faisnéise faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin:

Sonraí Teagmhála

Is féidir Iarrataí ar Rochtain ar Fhaisnéis a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Corparáideacha arinfo@cmetb.ie .

Ba cheart fiosrúcháin maidir leis na meáin agus an chumarsáid phoiblí a dhéanamh le Seirbhísí Corparáideacha ar communications@cmetb.ie .

Is féidir teacht ar na sonraí teagmhála ar eolaire fhoireann CMETB, ar an leathanach Eolas Fúinn.

Cairt do Chustaiméirí

Coinneoidh Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) an Chabháin agus Mhuineacháin córas measúnaithe/athbhreithnithe a bheidh inrochtana, trédhearcach agus furasta le húsáid le haghaidh aon chustaiméir atá míshásta le cinntí a dhéantar i dtaca lenár seirbhísí.Cliceáil ar na naisc thíos chun ár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí agus na Foirmeacha um Sheirbhís do Chustaiméirí a ghabhann léi a fheiceáil.

Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí CMETB

Foirmeacha CMETB um Sheirbhís do Chustaiméirí

Le héifeacht ón 1 Bealtaine 2013, is féidir le hOifig an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéanann duine den phobal maidir le “caingne riaracháin” in 180 comhlacht poiblí breise.Mura bhfuil tú sásta le toradh gearáin atá déanta le BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, d’fhéadfá iarraidh ar an Ombudsman do chás a athbhreithniú.

Le haghaidh faisnéise agus nósanna imeachta maidir le conas gearán a dhéanamh, lean an nasc Oifig an Ombudsman.

Ní fhaigheann baill de Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin aon luach saothair i leith a mballraíochta ar an mBord, cé go bhfaigheann baill foirne atá ina mbaill de chuid an Bhoird luach saothair ar leith ina gcáil mar fhostaithe de chuid BOO an Chabháin agus Mhuineacháin.Éilíonn comhaltaí de chuid an Bhoird roinnt costas réasúnach uaireanta, i.e. as an luach chun taisteal chuig cruinnithe. Foilseofar mionsonraí na gcostas seo sna Ráitis Airgeadais le haghaidh gach bliain ar leith.

.

Téigh i dteagmháil leis an rannóg comhlíonta nóinfo@cmetb.ie le haghaidh tuilleadh eolaies