Comhaontaíodh ar Mheabhrán Tuisceana (MT) go luath in 2017 idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige (an RLCMLÓ agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ). Leagtar amach sa mheabhrán seo, i measc rudaí eile, ról an RLCMLÓ agus BOOÉ faoi mar a ndéantar cur síos air sa mhír seo.
Bunaíodh an RLCMLÓ i Meitheamh 2011 agus is é an phríom-Roinn lena ndéanann BOOanna tuairisciú maidir lena bhfeidhmeanna oibre don ógra. Tá sainordú aige maidir le beartas agus soláthar seirbhíse do leanaí agus daoine óga. Tá roinnt snáitheanna gaolmhara ann, seirbhísí uilíocha agus spriocdhírithe a sholáthar go díreach san áireamh, agus oibriú le comhchuibhiú an bheartais agus an tsoláthair ábhartha a bhaint amach ar fud an Rialtais chun feabhas a chur ar thorthaí do leanaí, daoine óga agus teaghlaigh.
Bronnadh freagracht reachtaíochta faoin Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 ar BOO an Chabháin agus Mhuineacháin chun; “tacú le soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú ar sheirbhísí oibre don ógra ina limistéar feidhme agus an fhaisnéis sin a sholáthar a d’fhéadfadh an tAire don RLCMLÓ a iarraidh maidir leis an tacaíocht sin.”(Alt 10 (1) (j)
1. Tacú leis an méid seo a leanas a sholáthar:
- Tionscadail faoi stiúir na foirne ar fud an Chabháin agus Mhuineacháin
- Scéimeanna deontais a thabhairt isteach – Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla (an SDCÓÁ); Deontas Trealaimh do Chlubanna Óige Áitiúla (DTCÓÁ); Tionscnaimh Chaipitil Óige, Aonuaire Covid, Spriocdhírithe Infhostaitheachta Óige
- Obair don Ógra i limistéar oibríochtúil BOO an Chabháin agus Mhuineacháin.
- Forbróidh Coiste Oibre don Ógra BOO an Chabháin agus Mhuineacháin Plean Oibre don Ógra atá curtha ar an eolas ag an Straitéis Óige Náisiúnta / an Creat Beartais Óige Náisiúnta, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile (2014-2020).
Tacaíocht agus Soláthar nach gcuireann an RLCMLÓ ar fáil:
- Tuistiú an Chabháin
- Tuistiú Mhuineacháin
- An Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil sa Chabhán agus i Muineachán
- Coiste Seirbhísí do Leanaí agus Daoine Óga an Chabháin agus Mhuineacháin
- Grúpa Oibre Idirghníomhaireachta Óige Bhéal Tairbirt – an Cabhán
- Clár Rochtana IAT sa Chabhán agus i Muineachán
- An Cabhán agus Muineachán Sláintiúil
2. Comhordú
- Líonraí Óige sa Chabhán agus i Muineachán
- Anailís ar riachtanais áitiúla / bearnaí a shainaithint faoi mar a chuirtear in iúl i dtuarascálacha ar dhul chun cinn an RLCMLÓ, etc.
- Comhoibriú idirghníomhaireachta le gníomhaireachtaí agus grúpaí ar nós Tusla, Coistí Seirbhísí do Leanaí agus Daoine Óga, Grúpaí Forbartha Áitiúla an Chiste Saoráidí agus Seirbhísí do Dhaoine Óga (an CSSDÓ), Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil, Sheirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig, údaráis áitiúla, FSS, Chomhairle na nÓg, scoileanna, Ógtheagmhála agus eagraíochtaí eile, faoi mar is cuí.
- Tacú agus cur le hoideachas foirmiúil.
3. Riarachán
Tionscadail atá Cistithe ag an RLCMLÓ: Cuireann BOOCM feidhm riaracháin, mhaoirseachta agus rialachais ar fáil do na tionscadail seo a leanas atá cistithe ag an RLCMLÓ;
Tionscadail Seirbhíse don Ógra Mhuineacháin
- Tionscadal Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí (ISPCC) Mhuineacháin – a chistítear trí scéim cistithe UBU D’Áit, Do Spás (https://ubu.gov.ie/) agus a bhainistíonn an ISPCC
- Seirbhís don Ógra Include – a chistítear trí scéim cistithe UBU D’Áit, Do Spás agus a bhainistíonn Obair d’Ógra Éireann
- Ionad Faisnéise don Ógra – a chistítear tríd an IFÓ agus a bhainistíonn Obair d’Ógra Éireann
Tionscadail Seirbhíse don Ógra an Chabháin
Tionscadal don Óige nach bhfuil cistithe ag an RLGÓ: Cuireann BOOCM feidhm riaracháin, mhaoirseachta agus rialachais ar fáil faoi láthair do na tionscadail seo a leanas nach bhfuil cistithe ag an RLCMLÓ;
Tionscadail Seirbhíse don Ógra Mhuineacháin
- Journeys Monaghan – a chistítear tríd an FCSAE agus a bhainistíonn Obair d’Ógra Éireann
- Snáithe 3 Éire Shláintiúil – Gníomhartha CSLDÓ Mhuineacháin – atá cistithe ag Pobal
Tionscadail Seirbhíse don Ógra an Chabháin
- Journeys Cavan – a chistítear tríd an FCSAE agus a bhainistíonn Obair d’Ógra Éireann
- Snáithe 3 Éire Shláintiúil – Gníomhartha CSLDÓ an Chabháin – atá cistithe ag Pobal
Riarann BOO an Chabháin agus Mhuineacháin an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla agus tugann siad faoi Chaighdeáin Cháilíochta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha thar ceann an RLCMLÓ. Riartar scéimeanna bliantúla aonuaire, e.g. Caipiteal Óige agus Infhostaitheacht Óige freisin.
4. Measúnú
Creat na gCaighdeán Náisiúnta Cáilíochta
Tabhairt isteach agus tacú le Creat na gCaighdeán Náisiúnta Cáilíochta a chur i bhfeidhm do sheirbhísí oibre don ógra atá cistithe ag an RLCMLÓ. Is é an cuspóir atá aige cabhrú le heagraíochtaí oibre don ógra chun láidreachtaí agus limistéir a shainaithint atá le forbairt ina seirbhísí agus chun dul chun cinn a thagarmharcáil dá réir. Agus amhlaidh déanta acu, glacann seirbhísí cur chuige struchtúrach agus forbartha i leith measúnú a dhéanamh ar sholáthar oibre don ógra, scrúdú a dhéanamh ar a leibhéal, tionchar agus éifeachtúlacht. Is é ról an BOO an próiseas seo a éascú agus a mhaoirsiú le seirbhísí oibre don ógra atá cistithe ag an RLCMLÓ ina limistéar oibríochtúil.
Na Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha
Mar gheall gur gnách go ndéanann tionscadail faoi stiúir na foirne dul chun cinn go dtí an CCNC, thug an Roinn sraith Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí Óige faoi stiúir Oibrithe Deonacha isteach. Cruthaíonn siad deis do ghrúpaí óige lena thaispeáint a dtiomantas do dhea-chleachtas agus do chláir agus gníomhaíochtaí ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais agus ionchais a gcomhaltaí óga. Tá ar na grúpaí óige go léir a chistítear tríd an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla chun tabhairt faoin bpróiseas caighdeán.