Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

Faoin gclár SDOG is féidir leis na daoine ata dífhostaithe go fadtéarmach páirt a ghlacadh in oiliúint lánaimseartha, gan a gcuid sochar a chailleadh. Ciallaíonn sé seo i ndáiríre go n-íocfar liúntas oiliúna atá comhionann leis an uasráta caighdeánach Sochair Dífhostaíochta do dhaoine a bhí ag fáil íocaíochtaí dífhostaíochta sula ndeachaigh siad ar SDOG. Íocfar an liúntas ar feadh ré an chúrsa – lena n-áirítear gach tréimhse saoire. Toisc nach ndéanfar tástáil mhaoine air, féadfaidh rannpháirtithe SDOG dul i mbun obair pháirtaimseartha gan cur isteach ar a gcuid íocaíochtaí.

Is iad cuspóirí na scéime:

  • Deiseanna oideachais agus oiliúna a ofráil do dhaoine dífhostaithe d’fhonn a n-infhostaitheacht a fhorbairt.
  • Daoine a ullmhú le dul i bhfostaíocht íoctha nó do dheiseanna breise as a dtiocfaidh fostaíocht íoctha.

Tá áiteanna ar fáil ar an scéim seo dóibh siúd a fhaigheann:

  • Cúnamh Dífhostaíochta/Sochar Dífhostaíochta.
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aon-Tuismitheora.
  • Liúntas Míchumais/Sochar Míchumais/Pinsean Easláine.

Chun páirt a ghlacadh sa scéim SDOG caithfidh gach iarrthóir ceann amháin de na rudaí thuasluaite a fháil ar feadh sé mhí ar a laghad agus a bheith 21 bliana d’aois ar a laghad. Tá liúntais taistil agus béile iníoctha freisin. Tá liúntais taistil agus béile iníoctha freisin.

Tabhair faoi deara le do thoil nach gcáileoidh duine a fhaigheann Liúntas Oiliúna SDOG don Deontas Cothabhála CSE freisin. Is iad na díolúintí ón riail seo ná daoine a fhaigheann an Íocaíocht Teaghlaigh Aon-Tuismitheora agus an Liúntas Míchumais. Le haghaidh sonraí iomlána déan teagmháil le do thoil mar atá thíosluaite.

Tá réimse ábhar ann as a roghnaítear lena n-áirítear Teicneolaíocht Faisnéise, Cúram Leanaí, Turasóireacht, Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh, Spórt & Áineas, Cúram Pobail agus Altranas. Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) a dheimhníonn cúrsaí ag Leibhéal 5 .i. Teastas Iar-Ardteistiméireachta.

Is féidir freisin roghanna Leibhéal 3 agus Leibhéal 4 a thairiscint dóibh siúd nach ndearna staidéar le tamall anuas, faoi réir éilimh.

Faoi láthair tá 40 áit ar fáil ar SDOG in Institiúid Mhuineacháin agus 40 in Institiúid an Chabháin.. Tabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil leibhéal oideachais níos lú ná an dara leibhéal uachtarach acu ar iontráil dóibh.

Déan teagmháil le hInstitiúid an Chabháin

Adrienne Cunningham
Institiúid an Chabháin
Bóthar na hArdeaglaise
Cabhán
T: 049 4332633
R: adriennecunningham@cavaninstitute.ie

Déan teagmháil le hInstitiúid Mhuineacháin

Denise McKenna
Institiúid Mhuineacháin
Bóthar Ard Mhacha
Muineachán
T: 047 84900
R: denisemckenna@cmetb.ie

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat