Athúsáid Faisnéise san Earnáil Phoiblí

Athúsáid Faisnéise san Earnáil Phoiblí

Comhlíonann Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin (BOOCM) na Rialacháin maidir le hAthúsáid Faisnéise san Earnáil Phoiblí agus molaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid. . Is cóipcheart de BOOCM an fhaisnéis uile atá ar ár láithreán gréasáin mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith. Tá réimse leathan faisnéise faoi BOOCM inár Scéim Foilsithe agus is féidir teacht uirthi trídan táb Scéim Foilsitheoireachta SF ag bun gach leathanaigh ghréasáin. Déantar athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar an Scéim Foilsitheoireachta.

Cuimsíonn athúsáid cóipeáil, eisiúint cóipeanna don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin. Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:

  • An foinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn.
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun tacú leo .

Nóta Tábhachtach

Níl BOOCM faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn BOOCM d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige chun a chuid faisnéise a athúsáid.

Déan Teagmháil Linn

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le Fiona Nugent ag
BOO Chabháin agus Mhuineacháin
Oifigí Riaracháin
Sráid an Mhargaidh
Muineachán

R: fionanugent@cmetb.ie