Glúin an Cheoil an Chabháin/Mhuineacháin

Glúin an Cheoil an Chabháin/Mhuineacháin

Is é Glúin an Cheoil clár náisiúnta oideachais cheoil na hÉireann, a athraíonn saol leanaí agus daoine óga atá idir 0 agus 18 mbliana d’aois trí rochtain a sholáthar ar ranganna fóirdheontais ar ardchaighdeán gutha agus uirlise ina gceantair áitiúla.

Ba é an Gréasán Ceoil a bhunaigh an tionscnamh in 2010, agus tá Glúin an Cheoil á cómhaoiniú ag U2, The Ireland Funds, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Cheoil. I láthair na huaire, tá an clár á reáchtáil in 25 Ceantar in Éirinn, lena n-áirítear An Cabhán agus Muineachán.

Is é Príomhpháirtí Ghlúin an Cheoil an Chabháin/Mhuineacháin BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, i gcomhpháirt le Comhairlí Contae an Chabháin agus Mhuineacháin.  Oibríonn siad le soláthraithe cúraim leanaí Luathbhlianta, bunscoileanna, clubanna óige agus ógeagraíochtaí chun cláir a sholáthar a chuireann go mór le saol leanaí agus daoine óga trí oideachais ceoil taibhithe. Tá an fhoireann ceoltóirí ardcháilithe agus tá taithí acu agus bíonn siad ag obair sa dá chontae chun oideachas ceoil inrochtana a thairiscint. 

Bunluachanna Ghlúin an Cheoil:

  • Tá sé mar aidhm ag Glúin an Cheoil fáil réidh leis na bacainní a chuireann cosc ar leanaí agus ar dhaoine óga páirt a ghlacadh i gceol, agus dá réir sin tá béim á leagan ar inacmhainneacht agus ar inrochtaineacht i ngach clár.
  • Spreagann Glúin an Cheoil cur chuige uilechuimsitheach i ndáil le teagasc agus foghlaim an cheoil, a chinntíonn go mbaineann luach le réimsí spéise an linbh/an duine óig agus go gcuirtear na réimsí spéise sin san áireamh.
  • Oibrítear le ceoltóirí oilte agus paiseanta, a spreagann agus a thacaíonn le daoine óga a gcuid scileanna cruthaitheachta agus ceoil a fhorbairt.

Déan Teagmháil Linn

Tá sé mar aidhm ag Glúin an Cheoil aird na mílte leanaí agus daoine óga a tharraingt ar an gceol, daoine nach mbeadh in ann tairbhe a bhaint as an gceol murach Glúin an Cheoil.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait seol ríomhphost chuig,
R: musicgen@cmetb.ie