Cosaint Sonraí

Cosaint Sonraí

Tagann Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE nó ‘RGCS’ i bhfeidhm ar 25 Bealtaine 2018. Beidh siad ann in áit na nDlíthe um Chosaint Sonraí a bhí ann roimhe seo san Aontas Eorpach. An chúis atá ann don athrú seo ná cearta feabhsaithe a thabhairt do dhaoine, agus go mbeidh smacht agus tuiscint acu ar an gcaoi a bhaintear úsáid as a gcuid sonraí pearsanta.

Ní bheidh éifeacht ar bith ag RGCS ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil duit.

Ceanglaítear ar BOOCM, áfach, go gcoimeádfaimid ar an eolas thú maidir leis an méid seo a leanas:

  • Na cineálacha sonraí a choimeádaimid fút;
  • An úsáid a bhaintear astu; agus
  • Do chearta maidir leis an bpróiseáil a dhéantar orthu.

Chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar conas agus cén fáth a dhéanann BOOCM do chuid sonraí a phróiseáil, leigh ár bhFógraí Príobháideachais Sonraí, le do thoil, trí chliceáil ar na naisc sna boscaí thíos:

Déan Teagmháil Linn

Tá oifigeach cosanta sonraí (DPO) sannta againn. Má tá aon cheist agat, téigh i gcomhairle lenár mbeartas próiseála sonraí nó déan teagmháil lenár DPO.

Seo a leanas a cuid sonraí teagmhála

Oifigeach um Chosaint Sonraí
BOO Chabháin agus Mhuineacháin
Oifigí Riaracháin
Sráid an Mhargaidh
Muineachán

R: dpo@cmetb.ie

Eolas Teagmhála