Forbairt Fhórsa Oibre-Oiliúint d’Fhostóirí & Fostaithe

Forbairt Fhórsa Oibre-Oiliúint d’Fhostóirí & Fostaithe

Is tionscnamh náisiúnta é Scileanna chun Dul Chun Cinn d’fhostóirí agus d’fhostaithe, a sholáthraíonn deiseanna scilbhisithe agus athscilithe a bhfuil sé mar aidhm acu na scileanna a thabhairt d’fhostaithe chun dul chun cinn ina bpost reatha, nó leas a bhaint as deiseanna fostaíochta nua agus oiriúnú do mhargadh poist atá ag athrú.

Faoin tionscnamh Scileanna chun Dul Chun Cinn, is féidir le Bord Oideachais agus Oiliúna Chabháin agus Mhuineacháin tacaíocht spriocdhírithe a thairiscint do ghrúpaí leochaileacha sa lucht saothair, go háirithe iad siúd a bhfuil leibhéal scileanna níos ísle acu a dteastaíonn níos mó deiseanna uathu ina saol oibre. Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chabháin agus Mhuineacháin cúrsaí oiliúna creidiúnaithe ar fáil d’fhostóirí in earnálacha éagsúla chun tacar scileanna na bhfostaithe a fheabhsú agus a fhorbairt. Tá tacaíochtaí ar fáil againn d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bhféadfadh go mbeadh cúnamh de dhíth orthu chun infheistiú ina lucht saothair agus é a fhorbairt.

Oibríonn ár nOifigeach Forbartha Lucht Saothair le fostóirí agus le fiontair chun tacú leo a chinntiú go bhféadann a ngnóanna coinneáil suas i dtimpeallacht atá ag síorathrú. Is féidir le Bord Oideachais agus Oiliúna Chabháin agus Mhuineacháin rochtain a sholáthar d’fhostóirí ar shraith deiseanna oideachais ar ardchaighdeán atá ann cheana trí fhoghlaim ar líne, soláthar páirtaimseartha agus tráthnóna. Is féidir linn oibriú freisin le comhlachtaí chun réitigh oiliúna sholúbtha, shaincheaptha agus oiriúnaithe a fhorbairt dá riachtanais aonair.

Is féidir linn deiseanna oiliúna a sholáthar dod’ lucht saothair atá:

  • Solúbtha chun dul i ngleic le huaireanta gnó agus sceidil oibre.
  • A fhorbraíonn scileanna a bhaineann le do riachtanais ghnó.
  • A fhreagraíonn don nádúr athraitheach a bhaineann le poist agus scileanna.
Four workers looking at information on a laptop
Four workers looking at information on a laptop

Cúrsaí

Cúrsaí

F = Fulltime
P = Parttime
O = Online
E = Evening
Ref Course Location Starts Category Type

Entry Requirements

Education

Aptitude

Previous Experiences

Location

Date and Duration

Contact

Facilities

    Timetable

    Course Content

    Title Award Awarding Body

    Learning Outcomes

    Further Details

    Déan Teagmháil Linn

    Chun tuilleadh a fháil amach faoi dheiseanna oiliúna fóirdheonaithe Scileanna chun Dul Chun Cinn, déan teagmháil le Eileen Roddy

    R: eileenroddy@cmetb.ie

    Cad a deir ár mic léinn

    Cad a deir ár mic léinn

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat