Printíseachtaí

Printíseachtaí

Is é printíseacht an bealach aitheanta ina gcuirtear oiliúint ar dhaoine go ndéanfar ceardaithe oilte díobh in Éirinn. Tá freagracht reachtúil ar Solas as na cláir Phrintíseachta a bhainistiú go náisiúnta. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin freagrach as bainistíocht laethúil cláir phrintíseachta reachtúla ar leibhéal réigiúnach.

Príomhghnéithhe printíseachtaí náisiúnta

  • Clár oideachais agus oiliúna struchtúraí é Printíseacht, a dhéanann foghlaim san ionad oibre a thabhairt le chéile agus a mhalartú le foghlaim in ionad oideachais nó oiliúna.
  • Tá seacht gcéim i bPrintíseachtaí Traidisiúnta: 4 chéim ar an láthair oibre leis an bhfostóir agus 3 chéim in Ionad Oiliúna/Coláiste.
  • Tá Printíseachtaí Nua a forbraíodh ó 2016 éagsúil ó thaobh riachtanais iontrála, faid agus céimeanna ar an láthair oibre agus as an láthair oibre. Mar shampla, printíseachtaí blocscaoilte iad roinnt díobh chun gur féidir freastal ar an gcoláiste agus printíseachtaí scaoilte lae roinnt eile díobh (ina bhfreastalaíonn tú ar an gcoláiste lá nó dhó sa tseachtain agus ina gcaitheann tú an chuid eile den tseachtain oibre ar an láthair oibre). Tá struchtúr gach cláir, anuas ar an bpróifíl ghairm bheatha, ar fáil ar an láithreán gréasáin Generation Apprenticeship ag www.apprenticeship.ie.
Image of Apprenticeship timeline

Na Tairbhí a bhaineann le printíseacht

Tuilleann printísigh airgead fad a fhoghlaimíonn siad agus foghlaimíonn siad scileanna luachmhara a ullmhaíonn don obair iad sa ghairm bheatha a roghnaigh siad. Cuireann printíseachtaí deiseanna ar fáil gairmeacha beatha spreagúla agus tairbheacha a fháil agus bíonn an fhoghlaim bunaithe ar an taithí phraiticiúil a bhaineann le tabhairt faoi fhíorphost. Tá sonraí iomlána faoi na cláir Phrintíseachta go léir ar fáil

Riachtanais Iontrála

Is éagsúil a bhíonn riachtanais iontrála íosta, ag brath ar an ngairm/ngairm bheatha ar spéis leat é. I gcás Printíseachtaí Ceardaíochta Traidisiúnta, caithfidh tú a bheith ar a laghad 16 bliana d’aois agus caithfidh grád D, ar a laghad, a bheith bainte amach agat in aon chúig ábhar sa Teastas Sóisearach nó leibhéal comhionann d’oideachas foirmiúil a bheith bainte amach agat. Is féidir a áireamh leis seo dámhachtain iomlán leibhéal 3 nó Teastas Ginearálta an Mheánoideachais. I gcás printíseachtaí nua, is éagsúil a bhíonn an leibhéal íosta iontrála oideachais. Seiceáil riachtanais aonair na gclár, le do thoil.

Faigh printíseacht

Faigh printíseacht

Bheith i do phrintíseach

Bheith i do phrintíseach

Le bheith i do phrintíseach, caithfidh tú fostóir a aimsiú atá faofa ag SOLAS chun oiliúint a chur ar phrintísigh sa cheird a roghnaigh tú. Tá aonad Seirbhísí Printíseachta BOOCM freagrach as fostóirí agus printísigh a chlárú i gcontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin. (Is féidir leat seiceáil má tá d’fhostóir ionchasach cláraithe trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Printíseachta, an Campas BOO, an Cabhán).

Tá láithreán gréasáin ag SOLAS anois atá tiomnaithe do dheiseanna poist atá ar fáil do phrintísigh ar féidir teacht orthu anseo: www.apprenticeshipjobs.ie.

Ní chuireann go leor fostóirí folúntais in airde mar gheall go ndéanann iarratasóirí ina gceantar áitiúil teagmháil leo, ach fógraíonn roinnt fostóirí folúntais, áfach, sna nuachtáin áitiúla agus ar láithreáin ghréasáin thiomnaithe earcaíochta, cosúil le Indeed.com agus jobs.ie

A luaithe a shásaíonn printíseach na critéir cháilitheacha oideachais, cuirfidh an fostóir tús leis an bpróiseas clárúcháin le Seirbhísí Printíseachta. I gcás roinnt ceirdeanna, caithfidh iarratasóirí Pas a bhaint amach i dTástáil Aitheanta Dathanna Ishihara.

Oiliúnt phrintíseachta a sholáthraítear go háitiúil

Oiliúnt phrintíseachta a sholáthraítear go háitiúil

Anuas ar Phrintíseachtaí Náisiúnta a bhainistiú, soláthraíonn BOOCM oiliúint freisin do roinnt Printíseachtaí Reachtúla go háitiúil sa Chabhán agus i Muineachán:

Faigh printíseacht

Déan Teagmháil Linn

Más spéis leat clárú do phrintíseacht, mar Fhostóir nó Printíseach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:

BOO Chabháin agus Mhuineacháin
Seirbhísí Printíseachta
T: 049-4353922
R: apprenticeships@cmetb.ie

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat