Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Tá foráil déanta do na cearta seo a leanas san Acht um SF:

  • an ceart rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachaí poiblí atá clúdaithe leis an Acht
  • an ceart go gceartófaí nó go nuashonrófaí faisnéis phearsanta i dtaifead atá leasuithe má tá an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • an ceart cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí iad agus a dtéann i bhfeidhm orthu.

Déantar idirdhealú idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta san Acht. Is féidir rochtain a fháil ar do chuid faisnéise pearsanta, is cuma cathain a cruthaíodh í, chomh fada is go bhfuil an fhaisnéis sin fós ann. Ní féidir leat rochtain a fháil ach amháin ar fhaisnéis / taifid neamhphearsanta a cruthaíodh an 21 Aibreán, 2008 nó ina dhiaidh sin.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Más mian leat, is féidir leat an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéisecaighdeánach CMETB a úsáid chun d’iarratas a dhéanamh .

Más mian leat, is féidir leat d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, ach an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise caighdeánach as Ghaeilge a úsáid.

Má tá ceist ar leith agat maidir le hiarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh leis an Roinn seo, féach ar ár gCeisteanna Coitianta Ceisteanna Coitianta um Shaoráil Faisnéise.

Chun faisnéis níos cuimsithí ar an tSaoráil Faisnéise a fháil, lena n-áirítear téacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, féach suíomh gréasáin an Aonaid Beartais Lárnaigh um Shaoráil Faisnéise ag www.foi.gov.ie.

NÓTAÍ TÁBHACHTACHA

Agus d’iarratas á dhéanamh agat, ba cheart duit a lua san iarratas gurb faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá an t-iarratas á dhéanamh agat.

Ba cheart duit a bheith chomh sonrach agus is féidir freisin ionas go mbeifear in ann an fhaisnéis a shainaithint go héasca agus, más féidir, an fráma ama a bhaineann le d’iarratas a chur in iúl duit m.sh. idir Bealtaine 2019 Nollaig 2019.

Chomh maith leis sin, más féidir, déan iarracht na réimsí oibriúcháin sa BOO a shonrú a bheadh ábhartha le d’iarratas, i do thuairim féin, m.sh. an Rannóg Acmhainní Daonna, an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Párolla, an Rannóg Talún agus Foirgnimh, an Scoil nó an tIonad.

Déan Teagmháil Linn

Seo a leanas a cuid sonraí teagmhála

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
BOO Chabháin agus Mhuineacháin
Oifigí Riaracháin
Sráid an Mhargaidh
Muineachán

R: foi@cmetb.ie

Eolas Teagmhála