Inrochtaineacht

Inrochtaineacht

Ceanglaítear le hAlt 26 den Acht um Mhíchumas 2005 ar gach comhlacht poiblí ball foirne amháin ar a laghad a ainmniú chun gníomhú mar Oifigeach Rochtana atá freagrach as cúnamh agus as treoir a chur ar fáil, a eagrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a dhéanann na seirbhísí atá á gcur ar fáil a rochtain.

Is féidir le daoine atá ag lorg cúnaimh teagmháil a dhéanamh le Bord Oideachais agus Oiliúna Chabháin agus Mhuineacháin mar seo a leanas:
BOO Chabháin agus Mhuineacháin
Oifigí Riaracháin
Sráid an Mhargaidh
Muineachán

T: 047 30888
R: AccessOfficer@cmetb.ie

Eolas Teagmhála

Ráiteas Inrochtaineachta Shuíomh Gréasáin BOOCM

Ráiteas Inrochtaineachta Shuíomh Gréasáin BOOCM

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin (BOOCM) tiomanta dá suíomhanna gréasáin a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le Rialacháin AE (Inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí) 2020.

Déan teagmháil le webaccess@cmetb.iemá bhíonn fadhb ar bith agat rochtain a fháil ar eolas ar ár suíomh gréasáin nó más mian leat aiseolas nó tuairimí a roinnt linn maidir le hinrochtaineacht ghréasáin ar shuíomh gréasáin BOOCM.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.cmetb.ie

1.1 Stádas Comhlíontachta

Mar íoschaighdeán, deartar na leathanaigh go léir chun na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0, Critéir Ratha Leibhéal A agus Leibhéal AA, an spriocrátáil atá le baint amach ag comhlachtaí na hearnála poiblí.

Tá treoirlínte WCAG 2.1 AA á bpáirtchomhlíonadh agwww.cmetb.ie

1.2 1.2 Ábhar neamh-inrochtana

Táimid ag obair go leanúnach chun feabhas a chur ar ár leibhéal comhlíontachta le caighdeáin “A” agus “AA”. Táimid ag obair chun dul i ngleic leis na nithe seo a leanas:

Dath: Níl go leor codarsnacht dathanna le haghaidh úsáideoirí lagamhairc i gcuid dár dtéacs. Táimid ag obair chun an cóimheas codarsnachta dathanna a fheabhsú.
Naisc agus cnaipí folmha: Féadfaidh naisc agus cnaipí folmha a bheith ar an suíomh gréasáin, rud a chuireann mearbhall ar léitheoirí scáileáin
Íomhánna: Níl téacs malartach iomchuí leis na híomhánna go léir chun eolas agus cur síos a dhéanamh orthu. Mura bhfuil an cur síos ceart le híomhá, ní bheidh teacht ag úsáideoir a bhfuil teicneolaíocht chúnta á húsáid aige/aici ar an eolas a léirítear san íomhá.
PDF: Tá roinnt mhaith doiciméad foilsithe i bhformáid PDF, formáid nach bhfuil chomh hinrochtana céanna agus formáid HTML nó doiciméad Word. Táimid ag obair chun a chinntiú go bhfuil ár ndoiciméid PDF inrochtana, nó leagan Word a chur ar fáil mar rogha. I gcuid de na PDFanna, seans go bhfuil a leithéid d’fhadhbanna agus míreanna um thréithe doiciméid neamhiomlán, téacs malartach in easnamh, gnéithe nach bhfuil clibeáilte, agus gnéithe nach bhfuil neadaithe.
Físeáin: Níl rogha um theideal dúnta i gcuid dár n-ábhar físeáin.
Word: I measc na saincheisteanna a bhaineann le doiciméid Word, tá clómhéid róbheag, codarsnacht dathanna atá deacair le léamh, íomhánna nach bhfuil inlíne, táblaí gan cheannteidil, agus téacs malartach in easnamh.t.

Ní liosta uileghabhálach é seo den ábhar neamh-inrochtana. Tá BOOCM tiomanta d’fheabhas leanúnach a chur ar an eispéireas d’úsáideoirí trí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus na caighdeáin iomchuí a chur i bhfeidhm ar ár suíomhanna gréasáin

1.3 Ábhar díolmhaithe

Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin sa chás go mbaineann siad le seirbhís a chaithfidh ball den phobal a úsáid.

Tá físeáin agus ábhar fuaime a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo.

1.4 Gníomhartha chun inrochtaineacht a fheabhsú

Nuair a dhéantar suíomhanna gréasáin a dhearadh, a fhorbairt agus a chur in eagar i gceart, is féidir an rochtain chéanna a bheith ag úsáideoirí ar eolas, feidhmiúlacht agus leasa an tsuímh gréasáin. Tá sé mar aidhm ag BOOCM go mbeidh ár suíomhanna gréasáin inrochtana agus inúsáidte do chách. Úsáideann roinnt mhaith daoine teicneolaíochtaí cúnta chun iad a rochtain, mar shampla, chun féachaint ar shuíomhanna gréasáin a bhfuil dathanna atá éasca le léamh orthu, nó a bhfuil cló mór nó téacs labhartha orthu, nó chun nascleanúint a dhéanamh timpeall an tsuímh gan ach méarchlár a úsáid. Tugtar tús áite do na nithe seo a leanas chun comhsheasmhacht agus inrochtaineacht a éascú:

Consistent CMETB Header and Footer Navigation
Nascleanúint – BOOCM ar gach Ceanntásc agus Buntásc
Úsáidtear gnéithe ceannteideal (H1, H2, H3) etc. go forleathan ar fud an tsuímh gréasáin, mar aon le naisc scipe agus naisc ‘ar ais go dtí an barr’
Táblaí – áirítear tréithe achoimre i dtáblaí sonraí agus déantar iad a chódú le teidil amhail ‘Sraith’ agus ‘Colún’.
Íomhánna – Déantar na híomhánna go léir a chódú chun tréith ALT nó tréith LONGDESC a úsáid. Úsáidtear tréithe malartacha bán le haghaidh íomhánna maisiúla amhail íomhánna ina bhfuil liosta le hurchair agus íomhánna spásaire, etc.
Clómhéid agus Stílbhileoga – Is rudaí ar leith iad ábhar agus cur i láthair; déantar cur i láthair a rialú le Stílbhileoga. Tá an cló réamhshocraithe do sans-serif do phríomhábhar an leathanaigh agus is féidir clónna a athmhéadú i ngach brabhsálaí ach CTRL +/- a úsáid in Firefox, agus Amharc, Clómhéid in IE (braitheann an modh ar an leagan brabhsálaithe).
Foirmeacha – Tá foirmeacha códaithe sa chás go bhfuil lipéid nasctha go léir chuig réimse ionchur iomchuí

1.5 Do bhrabhsálaí a úsáid

Seo roinnt noda chun gach leas a bhaint as do bhrabhsálaí (tabhair do d’aire: seans nach n-oibreoidh iad ar gach brabhsálaí)

• Táb nua a oscailt – Coinnigh síos CTRL agus cliceáil ar nasc
• Fuinneog nua a oscailt – Coinnigh síos SHIFT agus cliceáil ar nasc
• Clómhéid a mhéadú – Coinnigh síos CTRL agus brúigh +
• Clómhéid a laghdú – Coinnigh síos CTRL agus brúigh –
• Clómhéid a athshocrú – Coinnigh síos CTRL agus brúigh 0

1.6 Mar a ullmhaíodh an ráiteas inrochtaineachta seo

I mí Aibreán 2022, mar ullmhúchán le haghaidh an ráitis seo, rinne an tÚdarás Náisiúnta Míchumais measúnú ar an mbealach a chomhlíonann an suíomh gréasáin ceanglais Threoir AE 2016/2102 trí leas a bhaint as uirlis iniúchóireachta uathoibríoch(axe Monitor ó Deque: https://www.deque.com/axe/monitor/)i gcoinne WCAG 2.1 chun béim a chur ar fhadhbanna inrochtaineachta trí Athbhreithniú Simplí a dhéanamh ar an suíomh gréasáin.

I measc na n-uirlisí a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar inrochtaineacht, bhí breiseán brabhsálaithe WAVE, Seiceálaí Inrochtaineachta Microsoft agus uirlisí forbróra Chrome.

Rinneadh an ráiteas seo a uasdátú an uair dheireanach ar an 03 Deireadh Fómhair 2022. Tá sé mar aidhm againn an ráiteas seo a uasdátú gach aon uair a bhfuil gá le hathruithe suntasacha.

1.7 Aiseolas agus eolas teagmhála

Leanaimid de ghnéithe inrochtaineachta ár suímh gréasáin a fheabhsú tuilleadh agus is mór againn d’aiseolas a fháil. Is féidir é a chur in iúl dúinn má bhíonn fadhb ar bith agat, nó má fhaigheann tú gné ar bith thar a bheith úsáideach ach ríomhphost a sheoladh chuig webaccess@cmetb.ie Más mian leat ábhar ar leith a lorg uainn i bhformáid inrochtana, luaigh na sonraí seo a leanas sa ríomhphost:

  • Your required format
  • The content you wish to receive (please include the URL of the content)
  • • D’ainm agus seoladh ríomhphoist.

WDéanaimid gach iarracht réasúnach d’iarratas a chomhlíonadh.

Más mian leat gearán a dhéanamh maidir leis an bhfreagra a thugamar ar shaincheist inrochtaineachta, is féidir teagmháil a dhéanamh le BOOCM: webaccess@cmetb.ie

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:

Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Ríomhphost: : complaints@ombudsman.ie Teileafón: 01 639 5600