Institiúid Mhuineacháin

Institiúid Mhuineacháin

In Institiúid Mhuineacháin, tá raon leathan cúrsaí Ardteistiméireachta (PLC) curtha ar fáil. Tá gach cúrsa saincheaptha le haghaidh na fostaíochta ar bhealach ar leith – déantar amach an chothromaíocht cheart idir an staidéar teoiriciúil agus praiticiúil agus cuirtear béim láidir ar an margadh fostaíochta. Bíonn aird na foghlaimeoirí, agus na foirne freisin, dírithe ar an fíorstaid cúrsaí san earnáil ghnó/tionscail/tráchtála mar gheall ar an taithí oibre a bhíonn acu mar chuid dá gcúrsá oiliúna. Ar an taobh eile den scéal, más mian leat dul ar aghaidh chun staidéir bhreise a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta nó in Ollscoil (tá líon suntasach dár gcuid céimithe atá ag freastal ar chúrsaí céime le déanaí), tabharfar na scileanna atá riachtanach don saol acadúil duit anseo in Institiúid Mhuineacháin. Aithnítear an deimhniúchán a ghabhann lenár gcúrsaí go léir sa tír seo agus go hidirnáisiúnta agus tugann siad deis d’fhoghlaimeoirí dul ar aghaidh chun staidéar breise a dhéanamh, tríd an Scéim Naisc Ardoideachais.

Tá na baill foirne in Institiúid Mhuineacháin ardcháilithe, díograiseach agus tiomanta d’ardghnóthachtáil acadúil, bunaithe ar an dea-chaidreamh dlúth idir an teagascóir agus an foghlaimeoir. Is féidir linn an cineál aird aonair sin a thabhairt duit a lenar féidir a bheith lánchinnte de go n-éireoidh leat, is cuma más rud é go bhfuil tú díreach tar éis an Ardteistiméireacht a chríochnú nó gur mac léinn lánfhásta tú atá ag filleadh ar an oideachas. Cuirimid fáilte roimh fhoghlaimeoirí de gach cineál aoise, cumas agus náisiúntacht, agus cuirfimid timpeallacht foghlama thacúil ar fáil duit. Tá Institiúid Mhuineacháin formheasta mar sholáthraí cláraithe le raon comhlachtaí deimhniúcháin éagsúla, agus ina measc áirítear: QQI, ITEC, City & Guilds, SEC srl, tar éis a na beartais agus nósanna imeachta um an dearbhú cáilíochta a chomhaontú. Tá ár gcleachtais oibre i gcónaí á athbhreithniú agus á fhorbairt againn chun seirbhís ardchaighdeáin a chinntiú do gach foghlaimeoir, dóibhsean a bhí linn roimhe seo, atá linn faoi láthair agus do na foghlaimeoirí a bheidh linn amach anseo freisin.

  • Image of MI learner
  • Image of MI learners
  • Image of Monaghan Institute
  • Image of MI learners
  • Image of MI learner
  • Image of MI learners
  • Image of Monaghan Institute
  • Image of MI learners

Cúrsaí

Cúrsaí

Ref Course Location Starts Category Type

Entry Requirements

Education

Aptitude

Previous Experiences

Location

Date and Duration

Contact

Facilities

    Timetable

    Course Content

    Title Award Awarding Body

    Learning Outcomes

    Further Details

    Eolas

    Eolas

    S: Campas Oideachais Mhuineacháin, Knockaconny, Co. Mhuineacháin

    T: 047 84900
    F: 049 436 1933
    R: info@monaghaninstitute.ie

    Déan Teagmháil Linn

    Déan Teagmháil Linn

    Martina Rooney, Stiúrthóir
    Rynagh McNally, Leas-Stiúrthóir