Oiliúint le haghaidh Scileanna faoi leith

Oiliúint le haghaidh Scileanna faoi leith

Is cuma cén riachtanas, cumas, cúinsí nó céim den saol atá agat, cuireann cúrsaí Oiliúna Scileanna Sonracha laistigh de CMETB rogha cúrsaí ar fáil, a sholáthraíonn sainchonraitheoirí ardoilte. Is féidir linn roghanna foghlama solúbtha a thairiscint, ar líne agus duine le duine le bealaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil. Maireann na cúrsaí idir 1-52 seachtain agus tá a bhformhór lánmhaoinithe gan aon táillí cúrsa. Féadfaidh tacaíochtaí airgeadais bhreise a bheith i bhfeidhm.

Tá raon leathan cúrsaí againn ar nós Scileanna Tógála, Táthú, Oibreoir Innealra Gléasra, Tíleáil Urlár agus Balla, raon Cúrsaí Tiomána, Bainistíocht Tionscadal agus sraith iomlán de Chúrsaí Ríomhaireachta. Féadfaidh na cúrsaí seo cur leis an eolas atá agat faoi láthair nó deis a thabhairt duit scil nua agus cáilíocht aitheanta a fhoghlaim. Más foghlaimeoir tú atá ag filleadh ar an oideachas nó ag iarraidh cáilíochtaí a bhaint amach, tá rud éigin le tairiscint againn duit.. Trínár gcúrsaí a chríochnú is féidir leat d’ionchais fostaíochta a fheabhsú nó fás agus forbairt laistigh de ghairm bheatha atá agat cheana féin

Oiliúint don Phobal

I gceist leis na Cláir Oiliúna Pobail, tá an Tionscnamh Oiliúna Áitiúil agus Cúrsaí Sainoiliúna. Is é príomhsprioc na gclár pobail ná cur le scileanna na ndaoine atá ag dul faoi oiliúint trí oiliúint dheimhnithe a sholáthar, agus ar an gcaoi sin, cur leis an seans post a fháil. Tugtar an deis do gach foghlaimeoir ar chúrsaí oiliúna pobail, cúrsa a dhéanamh le deimhniú leibhéal 3,4 nó 5 de chuid Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).

I measc an spriocghrúpa do na cláir faoin Tionscnamh Oiliúna Áitiúil, áirítear daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais nó scileanna acu agus atá ar an gclár beo ar feadh tamall fada agus atá idir 16 and 35 bliain d’aois.

Cláir Shainoiliúna

Cuireann BOOCM maoiniú ar fáil do dhá shruth sainoiliúna, a shainaithníonn na riachanais atá ag daoine faoi mhíchumas. Seachadaíonn an Líonra Náisiúnta Foghlama i Muineachán agus sa Chabhán réimse clár do 59 foghlaimeoir. Soláthraíonn an dá chlár sainoiliúint ina n-áirítear diantacaíocht ar leith chun freastal ar riachtanais daoine aonair. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an Líonra Náisiúnta Foghlama

Cúrsaí

Cúrsaí

F = Fulltime
P = Parttime
O = Online
E = Evening
Ref Course Location Starts Category Type

Entry Requirements

Education

Aptitude

Previous Experiences

Location

Date and Duration

Contact

Facilities

    Timetable

    Course Content

    Title Award Awarding Body

    Learning Outcomes

    Further Details

    Táillí

    Reáchtáiltear na cúrsaí i rith na bliana ar fad agus ar feadh líon áirithe de sheachtainí atá leagtha síos. Níl aon táillí le híoc agus níl aon chostais eile i gceist leis na cúrsaí seo.

    Tá Cláir Oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin comh-mhaoinithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa don Fhostaíocht.

    Déan Teagmháil Linn

    Louise Cadam
    T: 049 4353963
    R: louisecadam@cmetb.ie

    Michelle Tilson
    T: 049 4353924
    R: michelletilson@cmetb.ie

    Aine Reilly
    T: 049 4353923
    R: ainereilly@cmetb.ie

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat